Thionscadal na Páirce Theas agus an Fhearainn Uirbigh Phoiblí

Do chéad fáilte go dtí an dara babhta den chomhairliúchán poiblí don Togra maidir le Páirc Phoiblí na Páirce Theas agus an Fearann Uirbeach Poiblí.

Tháinig tuairimí tairbheacha fónta chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Meitheal Dearthóireachta ó pháirtithe leasmhara agus ó dhaoine den phobal i rith an chéad bhabhta den chomhairliúchán poiblí i mí Eanáir agus mí Feabhra 2025. Tá anailís déanta ar an lón ábhair sin agus

9 gcinn de choincheapanna dearthóireachta curtha i dtoll a chéile:

  • 3 choincheap do Pháirc Phoiblí na Páirce Theas;

  • 3 choincheap d'Abhantrach an Chladaigh; agus

  • 3 choincheap do Pháirc Cuimhneacháin Leanaí Celia Griffin

Tugtar achoimre ar na cláir eolais ar an láithreán gréasáin seo ar thoradh an chéad bhabhta den chomhairliúchán poiblí agus cuirtear na 9 gcinn de choincheapeanna dearthóireachta i láthair.

Is féidir aiseolas faoi na coincheapanna dearthóireachta maidir leis an gceantar a thabhairt i suirbhé ar líne.​ Moltar na cláir eolais a léamh sula bhfreagraítear an suirbhé (féach naisc thuas leis na cláir eolais agus leis an suirbhé).

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit chuig ócáid ‘buail isteach’ don chomhairliúcháin poiblí Déardaoin an 28 Lúnasa 2025 (féach an nasc thuas maidir le mioneolas breise faoin ócáid sin.)

Is mian linn tuairim an uile dhuine a chloisteáil. Cabhróidh tuairimí an phobail linn a bhfuil i ndán don cheantar a leagan amach ionas go gcinntítear leas á dhéanamh do riachtanais phobal na háite san am i láthair agus go ceann na mblianta fada amach romhainn.

Idir an dá linn, má tá ceist ar bith le cur agat, déan sin agus fáilte.

Tá na sonraí comhfhreagrais ar fáil faoin gceannteideal ‘Comhfhreagras’.